Skip to main content
©John Schnobrich - Unsplash ©John Schnobrich - Unsplash

Do chearta ar líne

An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 18/09/2020

Tá an t-idirlíon agus na meáin shóisialta ag éirí an-choitianta ar fud na hEorpa, ach cad iad na cearta atá agat agus tú ag brabhsáil an idirlín?

Bíodh sé le haghaidh nuachta, spóirt, siamsaíochta nó staidéir, bíonn an formhór againn ar líne gach aon lá. Agus do chuid ceart ar eolas agat nuair a bhíonn tú ag siopadóireacht ar líne, cabhraíonn sé chun cloí le rialacha cóipchirt, agus ionas nach ndéanfar mí-úsáid ort.

Nasc Idirlín a fháil

Is cuma cén áit san Aontas Eorpach a bhfuil tú, caithfidh fáil a bheith agat ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí d’ardchaighdeán ar phraghas réasúnta – lena n-áirítear rochtain bhunúsach ar an idirlíon. Tugtar soláthar “seirbhíse uilíche” air sin. Ba cheart go mbeadh soláthraí idirlín amháin ar a laghad ann atá in ann an tseirbhís seo a chur ar fáil duit. 

Más úsáideoir faoi mhíchumas thú, tá tú i dteideal an raon agus an rogha chéanna seirbhísí a fhaigheann tomhaltóirí eile a fháil. D’fhéadfá a bheith i dteideal fearas inrochtaineachta speisialta freisin ó do sholáthraí seirbhíse – ar nós bogearraí formhéadaithe nó léitheoir scáileáin, má tá lagú amhairc ort.

Má thaistealaíonn tú chuig tír eile, féadfaidh tú na rialacha atá sa tír a sheiceáil agus tacaíocht a fháil ach féachaint ar na teagmhálaithe a chuirtear ar fáil anseo.

Idirlíon Oscailte

Tugann rialacha an Aontais Eorpaigh ar an idirlíon oscailte an ceart duitse mar úsáideoir aon ábhar agus seirbhísí ar líne is rogha leat a rochtain agus/nó a leithdháileadh. Ní féidir le do sholáthraí idirlín aon ábhar, feidhmchláir ná seirbhísí ar líne a bhlocáil, moill a chur orthu ná idirdhealú a dhéanamh ina gcoinne, ach amháin i dtrí chás shonracha:

  • chun cloí le hoibleagáidí dlí, ar nós ordú cúirte ina ndéantar ábhar neamhdhleathach sonrach a bhlocáil
  • chun slándáil agus sláine an líonra a chosaint, cuir i gcás chun stop a chur le víris nó le bogearraí mailíseacha
  • chun tranglam eisceachtúil nó sealadach ar an líonra a bhainistiú.

Ag Siopadóireacht Ar Líne

Is bealach éasca agus áisiúil í siopadóireacht ar líne chun margadh a fháil. Taobh istigh de chúpla clic seachadfar do chuid earraí díreach chuig an doras agat, ach cad is féidir leat a dhéanamh murab ionann do tháirge agus an t-earra a raibh tú ag súil leis? Ba cheart go mbeadh cumhdach agat mar gheall ar do chearta ar ráthaíochtaí agus chun earraí a sheoladh ar ais suas le 14 lá tar éis duit rud a cheannach.

Faigh amach faoi do chearta anseo ionas nach mbeidh deacrachtaí agat agus tú ag ceannach ar líne!

Cóipcheart Ar Líne

Más duine thú atá cruthaitheach go digiteach (grianghrafadóirí, blagálaithe agus podchraoltóirí, agus gan ansin ach cúpla sampla), tá sé an-tábhachtach go mbeadh a fhios agat cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cóipchearta ar do chuid oibre. Tá treoracha leagtha síos ag an gCoimisiún Eorpach maidir leis an ábhar seo, treoracha a d’fhéadfadh cuidiú leat deacrachtaí a sheachaint amach anseo!

Cosaint sonraí 

Is é an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) an rialachán Eorpach a cuireadh i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018 a bhfuil sé mar aidhm leis na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le duine aonair, cuideachta nó eagraíocht san Aontas Eorpach a aontú. 

Faoin Rialachán, ní fhéadfar sonraí pearsanta (amhail d’uimhir theileafóin, do ghrianghraf, do thuairimí nó do shonraí bainc) a stóráil ach amháin ar feadh an ama a thógfaidh sé an cuspóir dar bailíodh na sonraí a bhaint amach.

Tá próiseálaithe agus rialtóirí freagrach as slándáil sonraí a chinntiú ag gach tráth. I roinnt cásanna, féadfaidh tú a iarraidh nach ndéanfaí do shonraí a phróiseáil, nó go ndéanfaí próiseáil na sonraí sin a “shrianadh”. Tugtar “an ceart chun agóide” air sin freisin, agus d’fhéadfadh sé sin tarlú toisc go measann tú go bhfuil an t-eolas sin an-íogair.

Tá roinnt eisceachtaí ann ar ndóigh faoi na rialacha Cosanta Sonraí freisin, cuir i gcás nuair nach gcuirtear ainm le sonraí, a bhíonn ag teastáil i dtaifid riaracháin nó nuair a bhagraíonn duine aonair ar chearta agus ar shaoirsí daoine eile.

Léigh tuilleadh faoi na bealaí a mbíonn tionchar ag an rialachán seo ar do shaol ó lá go lá anseo.