Skip to main content
© kylebaker - Flickr, CC by 2.0 © kylebaker - Flickr, CC by 2.0

Déan an scoláireacht sin a aimsiú agus a fháil!

An nuashonrú is déanaí an An Luan, 04/01/2021

Ar mhaith leat taitneamh a bhaint as saol an mhic léinn i dtír eile ach an bhfuil imní ort go mbeidh costas rómhór air? Tá eolas anseo faoi conas is féidir leat scoláireacht a aimsiú agus tús a chur leis an gcéad bhliain acadúil eile i dtír álainn eile.

Táillí teagaisc san Eoraip

Tá difríochtaí móra idir na táillí teagaisc ardoideachais i dtíortha éagsúla an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, tá na táillí teagaisc níos ísle, ar an iomlán, ná na táillí ar ilchríocha eile agus tá go leor deiseanna ann chun scoláireacht a fháil. 

Is é an chéad rud atá le déanamh costais do chuid staidéir thar lear a mheas. Gach bliain, foilsíonn líonra Eurydice athbhreithniú ar tháillí mic léinn agus ar chórais tacaíochta (lena n-áirítear deontais agus iasachtaí) in Ardoideachas na hEorpa (seiceáil an topaic “fees” faoina dtuarascálacha comparáideacha). 

Féadfaidh tú breathnú freisin ar shuíomhanna gréasáin ar nós StudyinEurope, Study.EU, nó féachaint ar thairseacha náisiúnta faisnéise maidir leis an ardoideachas agus ar shuíomh gréasáin na hinstitiúide a bhfuil tú ag cuimhneamh ar staidéar a dhéanamh inti. 

Scoláireachtaí a aimsiú

An bhfuil suim agat do thaithí mar mhac léinn a leathnú chuig tíortha lasmuigh den Eoraip? Is cinnte gur chuala tú trácht ar Erasmus+! Faoin gclár seo de chuid an Aontais Eorpaigh tugtar deontas do mhic léinn ardoideachais chun tréimhse staidéir a chaitheamh i dtír eile agus tá níos mó ná 34 tír páirteach ann. Faigh amach conas tús a chur leis an bpróiseas san alt seo.

Le Erasmus+, cuirtear scoláireachtaí a mhaoiníonn an tAontas ar fáil le haghaidh cláir éagsúla mháistreachta agus dhochtúireachta (Máistreachtaí Comhpháirteacha Erasmus Mundus). Seiceáil catalóg an Choimisiúin le haghaidh na gclár a bheidh ar fáil sa chéad bhliain acadúil eile. Má fheiceann tú cúrsa a thaitníonn leat, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an gcuibhreannas a thairgeann an clár chun tuilleadh faisnéise agus sonraí an phróisis iarratais a fháil.

Tá bunachar sonraí ar an Scholarship Portal ina bhfuil breis agus míle scoláireacht atá ar fáil i dtíortha ar fud an domhain. Roghnaigh an leibhéal atá uait (ón ardscoil go dtí leibhéal iardhochtúireachta), an tír arb as duit agus an tír inar mian leat staidéar a dhéanamh agus tugann an t-inneall cuardaigh na scoláireachtaí a oireann do do phróifíl duit.

Cuireann roinnt institiúidí ardoideachais scoláireachtaí ar fáil chun na mic léinn is fearr nó grúpaí ar leith a mhealladh (e.g. mná i scoileanna gnó), mar sin seiceáil suíomhanna gréasáin na scoileanna a bhfuil suim agat iontu. De ghnáth bíonn leathanach acu le haghaidh scoláireachtaí. 

Féadfaidh tú suíomhanna gréasáin aireachtaí náisiúnta atá i gceannas ar chúrsaí oideachais a sheiceáil freisin le haghaidh scoláireachtaí do mhic léinn idirnáisiúnta. Mar shampla, soláthraítear maoiniú trí DAAD sa Ghearmáin, is féidir leat staidéar a dhéanamh san Ungáir in Institiúid Balassi, iarratas a dhéanamh ar na scéimeanna scoláireachta Spóirt agus Dianiarrachta i Málta agus ar na scoláireachtaí Chevening sa Ríocht Aontaithe. 
Seiceáil Bunachar Sonraí Clár Eurodesk le haghaidh liosta scoláireachtaí. Déanann a bhformhór mic léinn a roghnú bunaithe ar chritéir tallainne/fiúntais agus/nó bunaithe ar chritéir éagsúlachta. Féach go cúramach ar na coinníollacha agus ullmhaigh iarratas láidir. 

Mar fhocal scoir, an bhfuil a fhios agat gur féidir leat airgead a fháil ar iasacht le haghaidh clár céime Máistreachta?
Le hiasachtaí do chéim mháistreachta Erasmus+, tugtar an deis do mhic léinn oiread agus €12,000 a fháil ar iasacht le haghaidh céim Mháistreachta bliana nó €18,000 le haghaidh céim Mháistreachta dhá bhliain chun staidéar a dhéanamh i gceann de na 34 thír ina bhfuil clár Erasmus+ na hEorpa ar fáil. 
Le bheith incháilithe, caithfidh tú a bheith i do náisiúnach de cheann de na 34 thír ina gcuirtear clár Erasmus+ na hEorpa ar fáil agus clárú le haghaidh clár Máistreachta i dtír nach í do thír chónaithe í, agus nach í an tír í ina ndearna tú do chéim Bhaitsiléara.
Tá na sonraí go léir le fáil anseo.

Réidh le hiarratas a dhéanamh?

Seo roinnt leideanna duit chun cuidiú leat scoláireacht a fháil:

  1. Tosaigh ag cuardach (agus ag cur isteach ar) scoláireachtaí chomh luath agus is féidir leat. Is ag tús na bliana a thosaíonn an cúrsa a bhíonn formhór na spriocdhátaí le haghaidh iarratas, mar sin ná fan go dtí an t-earrach má theastaíonn scoláireacht uait do mhí Mheán Fómhair.
     
  2. Bí eagraithe! Déan liosta de na spriocdhátaí nár mhaith leat a chailleadh agus ná fan go dtí an lá deireanach chun d’iarratas a scríobh. Tógann sé tamall, ach is fiú go mór é nuair a fhaigheann tú an t-airgead maoinithe sin.
     
  3. Déan iarratas ar an oiread scoláireachtaí agus is féidir (má tá tú incháilithe, ar ndóigh). B’fhéidir go gceapfá go mbeadh an oiread sin iarratas ann nach mbeadh seans agat, ach d'fhéadfá deis iontach a chailleadh mura gcuireann tú isteach air. Ní bheadh a fhios agat! Níor cailleadh a leath dá ndeachaigh i gcontúirt.
     
  4. Ná bíodh imní ort mura bhfaigheann tú scoláireacht. Bain triail eile as an chéad bhliain acadúil eile nó smaoinigh ar bhealaí eile chun do chuid smaointe a mhaoiniú.


Féadfaidh tú an t-alt 10 Tips to remember when applying for a scholarship a léamh.