Cathair is ea Hamburg na Gearmáine ina bhfuil neart le déanamh agus le feiceáil – ba mhór ab fhiú duit cuairt a thabhairt uirthi agus tú ar do thuras DiscoverEU. An raibh a fhios agat go bhfuil níos mó droichead inti ná mar atá in aon chathair Eorpach eile? Tabhair dúshlán do chairde oiread agus is féidir acu a aimsiú agus tabhair pointí breise don té atá in ann teacht ar an droichead is sine sa chathair – téann sé siar go 1633! Ainmníodh í mar Príomhchathair Ghlas na hEorpa in 2011 agus tá bearta déanta ag cathair thuaisceartach Hamburg, mar shampla foinsí fuinnimh in-athnuaite a thabhairt isteach agus cosc a chur ar bhuidéil phlaisteacha agus cupáin caife indiúscartha in oifigí poiblí. Tá pleananna ann chun fáil réidh le carranna i lár na cathrach faoi 2034 chun nach mbeidh ach daoine ar rothar nó daoine de shiúl na gcos in ann teacht isteach ann.
Ceann de na misin a bhaineann le maireachtáil ghlas agus leis an ngeilleagar ciorclach is ea cuspóir nua a aimsiú do sheanrudaí. In Poznań, ceann de na cathracha is sine sa Pholainn, is é seo go díreach a tharla do shraith dúnta agus daingne stairiúla. Is foirgnimh ón naoú haois déag iad Fortyfikacje w Poznaniu, atá suite i lár na cathrach agus i bhfáinne thart ar an taobh amuigh. Caomhnaíodh iad faoi chlár Natura 2000 de chuid an Aontais toisc gur foscadáin luachmhara iad do go leor speicis ialtóg atá faoi chosaint.
Tá Olsztyn ar cheann de sheoda ceilte na Polainne, a bhfuil cáil air i ngeall ar an ailtireacht ghotach brící donnrua. Is ann a bhíodh cónaí ar Nicolaus Copernicus tráth, agus tá an chathair suite ó thuaidh ó fhoraois Napiwodzko-Ramucka, limistéar atá faoi chosaint an Aontais faoi chlár Natura 2000. Is iomaí speiceas éan atá faoi chosaint atá le feiceáil san fhoraois, ina measc sin an cruidín, an t-iolar breac beag agus an rí-ulchabhán. Cá mhéad speiceas is féidir leatsa a fheiceáil?
É suite soir ó chathair stairiúil Kaunas na Liotuáine, tá Kauno Marios (nó ‘Murlach Kaunus’), taiscumar saorga atá faoi chosaint an Aontais mar shuíomh Natura 2000. Ní amháin go bhfuil go leor speicis feithidí, iasc, dobharchúnna agus ialtóg sa taiscumar, ach is é an damba an áit a bhfuil suíomh Ghléasra Cumhachta Hidrileictrí Kaunas freisin, a sholáthraíonn fuinneamh glas in-athnuaite don chathair. Tá an líne chladaigh timpeall leithinis Pažaislis oiriúnach chun snámha agus tá suíomhanna campála iontacha níos faide ó dheas feadh an taiscumair ag Duobakalnis agus Samylai. Mar sin, pacáil d’fheisteas snámha, cuir suas puball, agus bain taitneamh as an Liotuáin amuigh faoin aer.
Idir na heaglaisí nuachlasaiceacha sa chathair agus a stair shuimiúil, ba cheart duit cuairt a thabhairt ar Vilnias, príomhchathair na Liotuáine. Tá Vilnias ar cheann de na 15 chathair a chuir tús le Gradam Phríomhchathair Ghlas na hEorpa, agus is páirceanna, gairdíní, coillearnacha agus foraoisí atá i 46% den chathair. Is féidir gurb é an sampla is íocónaí ná Páirc Kalnai, ina bhfuil Cnoc na dTrí Chros. Siombail náisiúnta is ea iad na crosa, mar sin téigh ag siúlóireacht go barr an chnoic ní amháin chun radharc iontach a fháil ar an gcathair, ach chun píosa oidhreachta cultúrtha na Liotuáine a fheiceáil chomh maith. Tá gléasraí cumhachta tógtha ag an gcathair freisin chun fuinneamh a aisghabháil ó dhramhaíl chathrach, rud a chuireann Vilnias chun cinn le geilleagar ciorclach a bhaint amach.
Is gar do thránna Mhurascaill Ríge atá an chathair saoire Laitviach, Jūrmala, díreach in aice le Muir Bhailt. Is ann atá Páirc Náisiúnta Ķemeri, limistéar bogaigh agus portaigh ina bhfuil réimse uathúil fiadhúlra, ina measc sin géanna, ulchabháin agus niúit. Mar limistéar tábhachtach don bhithéagsúlacht, tá an pháirc náisiúnta faoi chosaint ag an Aontas mar láithreán Natura 2000. Aon taistealaí atá ag iarraidh ainmhithe a fheiceáil ina ngnáthóg nádúrtha Laitviach, is fiú cuairt a thabhairt air.
Is ar bhruach Mhurascaill Bhaltach na Fionlainne atá príomhchathair na hEastóine, Taillinn, suite, agus tá cáil air i ngeall ar a dhaingean meánaoiseach agus a sheanbhaile álainn. Bhí Taillinn sa bhabhta ceannais de na Gradaim do Phríomhchathair Ghlas na hEorpa in 2019 agus 2022, agus chuir an chathair deireadh lena spleáchas ar an tionscal trom le blianta beaga anuas. I ngeall ar fheabhsuithe a rinneadh le déanaí ar lochanna agus ar bhruacha na cathrach, tugadh stádas na Brataí Goirme di as cáilíocht an uisce snámha, agus tá an t-iompar poiblí saor in aisce do chónaitheoirí na cathrach. Téann bus 1A feadh an chósta go hoirthuaisceart na cathrach, mar sin léim ar bord agus féach leat cáilíocht an uisce!
Idir na sánaí, na héisc úra, an chócaireacht Nordach agus an meascán uathúil de stíleanna ailtireachta, tá neart le déanamh i Heilsincí. Ina theannta sin, gheall an chathair a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2035, gealltanas is féidir a fheiceáil cheana féin mar go bhfuarthas amach i suirbhé in 2014 go bhfuil trí cheathrú de na turais a dhéantar i bpríomhchathair na Fionlainne inbhuanaithe. Agus muid ag trácht air sin, cén fáth nach bhfaigheann tú rothar ar cíos agus taisteal trasna go hoileán Seurasaari, áit is féidir a bhaint amach ar an droichead ón mórthír. Tá Músaem Faoin Aeir Seurasaari lonnaithe ar an oileán suaimhneach foraoiseach seo, ar caomhnaíodh agus ar athlonnaíodh foirgnimh stairiúla ó gach cearn den tír ann chun léargas cultúrtha ar shaol traidisiúnta na Fionlainne a chur ar fáil.
Mar thoradh ar an méid a thosaigh amach mar mhisean chun Loch Vesijärvi a ghlanadh, bronnadh an teideal Príomhchathair Ghlas na hEorpa ar chathair Lahti le haghaidh 2021. É suite i measc na bhforaoisí dlútha i ndeisceart na Fionlainne, ní hamháin go bhfuil sé d’aidhm ag Lahti neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2025, ach tá sé d’aidhm aige freisin a bheith ina gheilleagar ciorclach, is é sin go hiomlán saor ó dhramhaíl, faoi 2050. Is féidir le taistealaithe DiscoverEU an oiread sin a fheiceáil agus a dhéanamh ag Loch Vesijärvi ó churachóireacht trasna an locha, go dtí an Scairdeán Ceoil ar bhruacha theas an locha.