Skip to main content
© Brooke Cagle - Unsplash © Brooke Cagle - Unsplash

Foghlaim teanga trí mhalartú comhrá!

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 10/07/2024

Cleachtadh a dhéanann máistreacht, mar sin labhair í! Níl ann don seanleithscéal nach bhfuil aon duine agat le do chuid Ollainnise nó do chuid Phortaingéilise a chleachtadh leo a thuilleadh. Glac páirt i malartú comhrá agus cuirfidh tú feabhas ar do scileanna saor in aisce.

Bíonn malartú teanga nó malartú comhrá idir beirt sách simplí: má labhraíonn tú Fraincis agus má tá tú ag iarraidh snas a chur ar do chuid Gréigise, cuir i gcás, beidh ort páirtí Gréagach a aimsiú atá ag foghlaim Fraincise. Má bhuaileann sibh le chéile ar feadh uair an chloig, ba cheart an t-am a roinnt ina dhá leath – leathuair an chloig i bhFraincis agus leathuair an chloig i nGréigis.

Is deis ar leith í chun taithí níos fearr a fháil ar an saol, agus cairde nua a dhéanamh freisin. Cuimhnigh freisin gur fiú go mór é cur amach a bheith agat ar theanga iasachta amháin nó níos mó agus tú ag dul isteach i margadh an tsaothair.

Go minic, is é an bealach is éasca chun comrádaí cainte áitiúil a aimsiú trí ghrúpaí Facebook. Is féidir leat cúpla eochairfhocal a chur isteach, cuir i gcás: “Comrádaí Cainte” nó “Malartú Teanga” agus ainm na cathrach ina bhfuil cónaí ort le fáil amach faoi thionscnaimh áitiúla a bhíonn ar siúl i dtithe tábhairne nó i gcaifé de ghnáth. 
An-seans nach mbeidh sé éasca ardán ar líne a aimsiú, ach cuirtear liosta ardáin éagsúla ar fáil anseo (seans go mbeidh ort íoc as feidhmeanna ar leith): is áiseanna iontacha iad Italki, Open Language ExchangeSpeaky chun páirtí nó múinteoir ar cainteoir dúchasach é a aimsiú. Tugann Coeffee an deis duit freisin cluichí teanga a imirt le foghlaimeoirí eile, agus is roghanna malartaithe teanga Tandem agus Tandem Partners freisin.


Seo cúpla leid le haghaidh malartú teanga a n-éireoidh leis 

  1. Seiceáil an bhfuil bhur dtráthchláir comhoiriúnach agus leag síos a minice is mian libh bualadh le chéile.
  2. Cuimhnigh nach múinteoir é do pháirtí agus seans nach mbeidh sé in ann ceisteanna crua gramadaí a fhreagairt.
  3. Bí dáiríre faoi! Scríobh síos foclóir nua agus breathnaigh siar air sula mbuaileann sibh le chéile an athuair.
  4. Ná bíodh faitíos ort botúin a dhéanamh. Abair le do chomrádaí cainte go bhfuil tú ag iarraidh air thú a cheartú. Go hiondúil, is fearr gan dul thar fóir; ná pioc ar gach aon bhotún a dhéanann do pháirtí, rud a chuirfidh lagmhisneach air, ach ná déan neamhaird ach an oiread d’earráidí móra (bealach amháin timpeall air sin is ea aithris a dhéanamh ar an méid a dúirt sé agus é a rá ar an mbealach ceart).
  5. Bí cothrom – ná déan iarracht níos mó ná leath an ama le chéile a chaitheamh ag labhairt na teanga atá á foghlaim agat.
  6. Más mian leat díriú ar ábhar ar leith, abair é sin le do chomrádaí cainte. Mura bhfuil na spéiseanna céanna agaibh agus mura bhfuil mórán le rá agaibh le chéile, cén dochar; cuardaigh páirtí eile.

 
An bhfuil tú ar tí tús a chur le clár de chuid an Aontais?

Má tá tú ag foghlaim teanga i ngeall go bhfuil tú ar tí dul go tír eile le Erasmus+ nó leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ba cheart duit smaoineamh ar roinnt oiliúna a dhéanamh le Tacaíocht Teanga ar Líne (OLS), ar uirlis shaincheaptha í de chuid an Choimisiúin. 
Tá sé mar sprioc ag an uirlis go mbeidh tú ar do chompord agus tú ag labhairt, ag staidéar nó ag déanamh obair dheonach sa teanga, rud a chinnteoidh taithí soghluaisteachta foghlama níos fearr. Is féidir leat clárú le ‘Ollchúrsaí Oscailte Ar Líne’ nó comhráite a bheith agat le cainteoirí dúchais agus le rannpháirtithe OLS eile (as líne freisin). Tá an uirlis sin ar fáil in 24 theanga oifigiúla an Aontais. Uirlis saor in aisce is ea í ach ní mór duit a bheith cláraithe i dtionscadal óige de chuid an Aontais chun rochtain a fháil uirthi.
Is bealaí iontacha iad tréimhse staidéir a dhéanamh i dtír eile, páirt a ghlacadh i malartú óige nó obair dheonach a dhéanamh i dtír eile chun feabhas a chur ar do scileanna teangeolaíocha. Faigh eolas faoi na deiseanna a chuireann Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar fáil!