Skip to main content
Submitted by Ioannis KOURTIS on
Draw lines
Yes
Color
#6a329f
Cities/Points
Name
Brno
Country
Poblacht na Seice
Population
381000
Why visit?

Is príomháit an domhain liteartha í Brno. Rugadh Bohumil Hrabal agus Milan Kundera, beirt de na húdair is cáiliúla de chuid na Seicia, anseo. Uair amháin sa bhliain, eagraíonn teach foilsitheoireachta cáiliúil Větrné Mlýny Mí Léitheoireachta na nÚdar, an fhéile liteartha is mó i Lár na hEorpa. Lena hailtireacht álainn Neo-Athbheochana agus na caisleáin atá cosúil le caisleáin ó shíscéalta, is cinnte go mbainfidh Brno siar asat. Tá Brno ar cheann de chúig chathair Eorpacha ina bhfuil Eastáit Werkbund lonnaithe; forbairtí tithíochta ceannródaíocha nua-aoiseacha a tógadh idir 1927 agus 1932, a raibh sé mar aidhm leo tithe ar ardchaighdeán, agus ar chostas íseal a sholáthar i ndiaidh an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Mar gheall ar thábhacht chultúrtha na ndearaí, bronnadh Lipéad Oidhreachta Eorpach ar na heastáit i dteannta a chéile. Nuair a bheidh tú in Brno, tabhair cuairt ar shean-halla an bhaile agus téigh suas an túr 63 mhéadar chun lán na súl a bhaint as an radharc iontach ar lár stairiúil na cathrach.

Image
Brno
Coordinates
49.2021611,16.507921
Tags with icon
UNESCO World Heritage List
Historic Architecture
Rich in Music
Plenty of Nature
Name
Prág
Country
Poblacht na Seice
Population
1324000
Why visit?

Croílár chultúr na Boihéime is ea Prág, agus is parthas liteartha í freisin le thart ar 200 siopa leabhar agus 20 caifé liteartha. Ainmníodh í mar Chathair Litríochta UNESCO in 2004, agus bhí cúis mhaith leis sin. Ó Fhéile Scríbhneoirí Phrág go Micrifhéile Phrág, déantar an litríocht a cheiliúradh go forleathan ann. Is féidir a hoidhreacht ailtireachta shaibhir a fheiceáil ar fud na cathrach – go deimhin, cuireadh a lár stairiúil le Liosta Oidhreachta Domhanda UNESCO in 1992. Is féidir samplaí den dearadh Nua-aoiseach a fháil in Eastáit Werkbund na cathrach, láithreán trasnáisiúnta de chuid an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh a raibh sé mar aidhm aige, cosúil lena macasamhail in Brno agus Wrocław, an easpa tithíochta ardchaighdeáin inacmhainne a réiteach tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Ní mór cuairt a thabhairt ar Chaisleán Phrág agus tú sa chathair, agus téigh ar shiúlóid síos Droichead Charles.

Image
Prág
Coordinates
50.0598058,14.3255419
Tags with icon
European Capital of Culture
UNESCO World Heritage List
Historic Architecture
Notable Museums
Great for Performance Arts
Exciting Culinary Options
Name
Wrocław
Country
an Pholainn
Population
641000
Why visit?

Tá Wrocław, cathair céad droichead, suite díreach trasna theorainn na Seice. Tá cur amach iontach ag Wrocław ar an domhan liteartha. In 2016 ainmníodh í mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa agus mar Phríomhchathair Leabhar Domhanda UNESCO, agus in 2019, mar Chathair Litríochta UNESCO – ar fianaise iad uile ar a traidisiún liteartha bríomhar. Cosúil le Brno agus Prág, tá Wrocław ar cheann de na cúig chathair atá mar láithreán trasnáisiúnta Eastát Werkbund de chuid an Lipéid Oidheachta Eorpaigh, rud a fhágann gur áit shuntasach í i dtaca le forbairt na hailtireachta cónaithe nua-aimseartha.

Nuair a bheidh tú in Wrocław, tabhair cuairt ar cheann de na 60 siopa leabhar sa chathair nó téigh go dtí Teach Litríochta Wrocław, áit a mbíonn imeachtaí liteartha ar siúl go minic, ó aithrisí filíochta go seoltaí leabhar. Má bhíonn tú ar cuairt le linn mhíonna an tsamhraidh, bí ag faire amach le haghaidh ceann de na féilte, cosúil leis an bhFéile Idirnáisiúnta Gearrscéalaíochta.

Image
Wrocław
Coordinates
51.1271647,16.9218245
Tags with icon
European Capital of Culture
UNESCO World Heritage List
Historic Architecture
Notable Museums
Great for Performance Arts
Name
Kraków
Country
an Pholainn
Population
771000
Why visit?

Is í Kraków an dara cathair is mó sa Pholainn. Bhí sé de phribhléid ag an seanbhaile, áit a bhfuil Caisleán Ríoga Wawel suite, a bheith ainmnithe mar an chéad Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO riamh. Tá ceantar Kazimierz, áit a raibh suas le 90 sionagóg tráth, anois mar eiseamlár d’oidhreacht Ghiúdach ar a ndéantar ceiliúradh leis an bhFéile Chultúir Ghiúdach bhliantúil. Bhí Krakow sa dara háit sa Ghradam don Chathair is Inrochtana in 2012 as a cuid iarrachtaí inrochtaineacht a fheabhsú sa chathair, in ainneoin go bhfuil go leor sráideanna, foirgnimh agus séadchomharthaí stairiúla agus suntasacha ó thaobh an chultúir de le fáil ann. Ó thaobh na litearthachta de, tá Tionscadal Read PL! lonnaithe in Kraków. Is ardán ríomh-leabhar é a chuireann léitheoireacht chun cinn trí rochtain saor in aisce a thabhairt ar leaganacha leictreonacha de na leabhair is mó éilimh agus de leabhair nua-eisithe. In 2013 ainmníodh í mar Chathair Litríochta UNESCO – mar thoradh air sin bunaíodh roinnt bealaí liteartha atá tiomnaithe d’údair cháiliúla, cuir i gcás Stanisław Lem agus Joseph Conrad.

Image
Kraków
Coordinates
50.0468548,19.9348336
Tags with icon
European Capital of Culture
UNESCO World Heritage List
Rich in Music
Name
Žilina
Country
an tSlóvaic
Population
81000
Why visit?

Tá Žilina suite in iarthuaisceart na Slóvaice, gar don teorainn leis an tSeicia agus an Pholainn; is cathair í a bhfuil a tábhacht liteartha fite fuaite lena tábhacht stairiúil. Is ann atá Žilinská Kniha (Leabhar Bhaile Žilina), doiciméad stairiúil ó 1378 ina bhfuil an sampla is sine de scríbhneoireacht na Slóvaice. Is iad mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh na míonna is fearr chun cuairt a thabhairt ar Žilina toisc gurb é sin an uair a bhíonn Féilte an tSeanbhaile, an t-imeacht cultúrtha is mó sa tSlóvaic, ar siúl. Is léiriú í an fhéile ar réimse ceardaíochta tíre agus réimse leathan ceoil, ó snagcheol agus luascadh go pop agus rac-cheol.

Image
Žilina
Coordinates
49.220257,18.6782906
Tags with icon
Notable Museums
Great for Performance Arts
Walkable City
Name
Košice
Country
an tSlóvaic
Population
238600
Why visit?

Is í Košice an dara cathair is mó sa tSlóvaic agus ba í Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2013 í. An lár stairiúil dea-chaomhnaithe, tá sé ar an gceann is mó sa tír agus tá go leor foirgneamh faoi chosaint le fáil ann, sa stíl Athbheochana agus Bharócach den chuid is mó. Cuireann na trí mhórmhol ealaíon sa chathair (Kulturpark, Kunsthalle agus an Coire) gach rud ar fáil, ó na hamharcealaíona go léirithe amharclainne. Tá traidisiún liteartha na cathrach fréamhaithe i gceann dá cónaitheoirí cáiliúla; an t-údar clúiteach Sándor Márai, a bhain suntas amach le linn ré na hOstaire-Ungáire sa chathair.

Image
Košice
Coordinates
48.6975566,21.0991103
Tags with icon
European Capital of Culture
Historic Architecture
Great for Performance Arts
Name
Debrecen
Country
an Ungáir
Population
201100
Why visit?

Is tearmann don nádúr í cathair ollscoile na hUngáire, Debrecen, freisin – tá sí suite ar Mhachaire Mór an Tuaiscirt agus is tearmann síochánta í Páirc Nagyerdei le coillearnach, cosáin thírdhreacha, saothair ealaíne faoin aer agus cosáin rothaíochta. Tá an séipéal Protastúnach, an séipéal is mó san Ungáir, ina shárshaothar ailtireachta agus ina shiombail de mhórtas náisiúnta. Tá cuid de na scríbhneoirí is mó tionchar sa tír lonnaithe in Debrecen, cuir i gcás, Magda Szabó, an t-údar is mó a aistríodh san Ungáir, agus an file náisiúnta Sándor Petőfi.

Image
Debrecen
Coordinates
47.5310609,21.5200996
Tags with icon
Rich in Music
Exciting Culinary Options
Plenty of Nature
Walkable City
Name
Veszprém
Country
an Ungáir
Population
59100
Why visit?

Gach seans nach bhfuil an cur amach céanna ag daoine ar Veszprém is atá acu ar Bhúdaipeist, príomhchathair na hUngáire, ach is seoid í atá i bhfolach ar an saol í le go leor nithe cultúrtha le fáil ann. Mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2023, léiríonn an baile fuinneamh cultúrtha saibhir go smior, rud atá le feiceáil san aidhm atá aici an cultúr a dhéanamh inbhuanaithe, nuálach agus cuimsitheach. Bronnadh Cathair Cheoil UNESCO ar Veszprém in 2019, duais a léirítear san iliomad imeachtaí ceoil beo a bhfuil cáil dhomhanda orthu, cuir i gcás VeszprémFest agus Féile Veidhlín Auer. Téigh ar thraein go Loch Balaton in aice láimhe agus tiocfaidh tú ar mhúsaem cuimhneacháin atá tiomnaithe do József Attila ar an mbruach. Ba é József Attila duine de na filí Ungáracha is cáiliúla sa 20ú hAois.

Image
Veszprém
Coordinates
47.1258945,17.837209
Tags with icon
European Capital of Culture
Historic Architecture
Great for Performance Arts
Plenty of Nature
Walkable City