Skip to main content
© Photo by Tim Samuel from Pexels © Photo by Tim Samuel from Pexels

Aclaíocht a dhéanamh sa bhaile

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 10/07/2024

Gan ionad aclaíochta? Ná bí buartha! Féadfaidh sé a bheith níos dúshlánaí cloí le gnáthamh spóirt gan do theach a fhágáil, ach tá sé go hiomlán indéanta agus rachaidh sé go mór chun tairbhe duit.

A bheith gníomhach le linn an lae, ba cheart duit a chinntiú gur cuid riachtanach de do ghnáthamh laethúil é sin. Tá buntáistí fisiciúla agus meabhracha ag baint leis a chuideoidh leat stíl mhaireachtála níos sláintiúla agus níos cothroime a bheith agat. Ní féidir i gcónaí do theach a fhágáil chun aclaíocht a dhéanamh: bíonn drochaimsir nó srianta soghluaisteachta ann in amanna, ach ní cúis ar bith é sin le bheith i do leadaí toilg nó le dearmad a dhéanamh ar an spórt.

Conas gluaiseacht gan do theach a fhágáil

Ní gá tabhairt faoi ghníomhaíocht spórtúil le coinneáil gníomhach – is féidir an teach a ghlanadh mar shampla (nach maith linn ar fad greim a fháil ar an mapa agus an ceol is ansa linn a chur ar siúl sa chúlra!) nó go leor rudaí eile a dhéanamh. Ach díreoimidne ar spreagadh a thabhairt duit meon spórtúil a chothú, rud a chuideoidh leat a bheith níos aclaí san intinn agus sa chorp.

Ní gá duit an áit a bhfuil tú a athrú chun tús a chur le do ghníomhaíocht ach is féidir leat, agus ba cheart duit, do chuid éadaí a athrú agus feisteas spóirt a chur ort. Cuirfidh sé sin fonn ort dul i mbun aclaíochta agus ullmhóidh sé d’intinn don mhéid atá tú ar tí a dhéanamh.

Más ag gluaiseacht go réidh trí staidiúirí ióga nó ag léim suas agus síos a bheidh tú, roghnaigh an ceol ceart chuige! Cuirfidh sé sin an dlaoi mhullaigh ar do sheomra aclaíochta sa bhaile.

Ná caill an dáta

Cuir am i leataobh dó i do dhialann. Seans gur fearr leat é a dhéanamh go luath ar maidin sula dtosaíonn tú ag staidéar nó ag obair; nó gur maith leat dul i mbun gluaiseachta tráthnóna (cleachtaí sínte nó damhsa, is fútsa atá sé!). Ba cheart duit gealltanas a thabhairt duit féin go gcloífidh tú leis ar mhaithe le do shláinte ghinearálta.

Beag beann ar an am den lá is fearr leat, tá sé tábhachtach freisin go roghnaíonn tú spórt a bhfuil dúil agat ann ionas go mbreathnóidh tú ar an ‘am spórtúil’ seo mar dheis chun sult a bhaint as an saol, do scíth a ligean agus éirí níos folláine. Seans gur damhsa a bheadh ann, nó pilates, ióga, traenáil eatramhach ard-déine nó babhtaí traenála traidisiúnta ina bhfuil cleachtaí éagsúla. Roghnaigh cibé gníomhaíocht is fearr a oireann duit, bunaithe ar do stíl, a aclaí atá tú agus an fonn atá ort.

Ní gá go mbainfeadh sé le gníomhaíocht amháin áfach, d’fhéadfá an t-am seo a úsáid chun cur le do chuid cruthaitheachta! An trealamh spóirt a bhíonn ar fáil san ionad aclaíochta, ní dócha go mbeidh sin ar fad sa bhaile agat ach féadfaidh tú úsáid a bhaint as do chuid samhlaíochta. In ionad na dtromán lúith, cuir i gcás, d’fhéadfá buidéil uisce nó paicéad ríse a úsáid. Níor cheart do rud ar bith thú a stopadh ó bheith níos folláine agus níos láidre!

Is iomaí cara aclaíochta agus teagascóir atá ann chun cuidiú leat

Má chronaíonn tú an chuideachta san ionad aclaíochta agus an spreagadh a fhaigheann tú ó dhaoine eile, tá neart ranganna fíorúla ann, iad beo nó taifeadta, a chothóidh timpeallacht sin na traenála grúpa arís.

Ar leibhéal an Aontais, sheol an Coimisiún Eorpach an tionscnamh #BeActiveAtHome chun pobal a chruthú ina measc siúd a bhfuil fonn orthu aire a thabhairt dá sláinte agus daoine eile a spreagadh le dul i mbun gluaiseachta sa bhaile.

Mar chuid den tionscnamh sin tugann daoine tacaíocht dá chéile agus molann siad dóigheanna nuálacha spraíúla le coinneáil gníomhach sa bhaile. Is é pobal rathúil #BeActive atá i gcroílár an tionscnaimh, pobal atá ag fás go leanúnach ó seoladh é in 2015.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach na smaointe spreagúla uile a postáladh faoi #BeActiveAtHome ar Twitter, Instagram, agus Facebook agus postáil do chuid smaointe féin le daoine a spreagadh.

Ná déan dearmad teacht ar do bhealach féin chun do chorp a bhogadh le go mbeidh tú in ann stíl mhaireachtála níos sláintiúla a chleachtadh.