
Cad is athrú aeráide ann?
An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 21/10/2020
Tá gach duine ag caint ar an athrú aeráide. Geimhrí an-te, loscadh sléibhe as smacht agus oighearshruthanna ag leá níos tapúla nó mar a rabhthas ag súil leis, is feiniméin iad sin a eascraíonn as an athrú aeráide.
Faigh tuiscint ar an athrú aeráide, na cúiseanna atá leis agus an tionchar a bhíonn aige trí na cúig cheist thábhachtacha seo a léamh.
1. Cad is athrú aeráide ann?
Tarlaíonn athrú aeráide mar gheall ar an téamh domhanda agus tagraíonn sé do phátrúin aimsire fhadtéarmacha ar Domhan, cuir i gcás teocht, leibhéil na farraige agus frasaíocht.
Tá athrú suntasach tagtha ar aeráid an Domhain go leor uaireanta ó foirmíodh an pláinéad 4.5 billiún bliain ó shin. Tá ascalú tarlaithe idir tréimhsí teo agus oighearaoiseanna; ghlac timthriallacha mar sin na deicheanna mílte nó na milliúin blianta. Le 150 bliain anuas (is é sin sa ré thionsclaíoch), tá teochtaí ag ardú níos tapúla ná ag aon am eile.
2. Cad iad na cúiseanna leis an athrú aeráide?
Is é an phríomhchúis leis an athrú aeráide breoslaí iontaise a dhó, ar nós ola, guail agus gás nádúrtha, toisc go n-astaítear gáis ceaptha teasa isteach san atmaisféar. Cuireann gníomhaíochtaí daonna eile, an talmhaíocht agus an dífhoraoisiú cuir i gcás, lena leathadh freisin. Is é an fhadhb go ngabhann na gáis sin teas san atmaisféar: iarmhairt ceaptha teasa a thugtar air sin.
Gan an iarmhairt ceaptha teasa, bheadh meánteocht an phláinéid ag -18° C. Ach uasmhéadaíonn gníomhaíochtaí daonna laethúla an iarmhairt seo, rud atá ina chúis leis an méadú ar theocht an phláinéid. D’ainneoin tiomantais idirnáisiúnta, tá leibhéal na dé-ocsaíde carbóin (CO2) san atmaisféar ag fás go fóill agus shroich sé buaicphointe nua eile in 2019 de réir na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta (beagnach +150 % i gcomparáid le 1750).
3. Cén tionchar a bhíonn ag an athrú aeráide?
Is é príomhthionchar an athraithe aeráide an méadú atá ag teacht ar theocht an domhain, atá ardaithe 1.1° C ón tréimhse réamhthionsclaíoch. Beidh teas eisceachtúil domhanda sna deich mbliana 2010–2020, agus is é 2019 an dara bliain is teo ar taifead. Má leanann an treocht téimh reatha ar aghaidh, d’fhéadfadh teochtaí ardú 3–5° C faoi dheireadh an chéid seo agus d’fhéadfadh iarmhairtí uafásacha a bheith aige sin. Mar chomparáid, tá an teocht ardaithe 5° C le 10,000 bliain anuas.
Agus na teochtaí ag ardú, bíonn tionchar aige sin ar leá maiseanna oighir ag na moil, rud a ardaíonn leibhéil na farraige agus a bhíonn ina chúis le tuilte agus a chuireann timpeallachtaí cósta i mbaol. Cuireann an t-athrú aeráide freisin le teagmhais aimsire a tharlaíonn níos minice agus ar leibhéal níos déine, cuir i gcás stoirmeacha, triomach, brothall agus tinte foraoise. Tá athraithe réigiúnacha an-láidir sna pátrúin sin, agus tá tionchar i bhfad níos mó ar áiteanna áirithe den domhan ná áiteanna eile.
4. Cad faoi dhaoine?
Tá ár slándáil sláinte agus bia i mbaol, go háirithe san Afraic agus san Áise, áit a bhfuil na daonraí óige is mó ar domhan. Mar a luadh i gClár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP), chuirfeadh téamh domhanda 2˚ C os cionn leath de dhaonra na hAfraice i mbaol a ngannchothaithe. Tá rabhadh tugtha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhféadfadh sláinte na milliún daoine a bheith i mbaol mar gheall ar mhéadú ar mhaláire, galair uisce-iompartha agus míchothú. Beidh tionchar freisin ar imirce daoine, agus méadú tuartha ar dhídeanaithe aeráide.
5. An féidir linn an t-athrú aeráide a stopadh?
Murar féidir an t-athrú aeráide a chasadh thart, is féidir linn a thionchair a mhaolú agus dul in oiriúint do na hiarmhairtí a bhaineann leis. Baineann gníomhartha maolaithe leis an líon astuithe a sceitear isteach san atmaisféar a laghdú, mar shampla, trí fhuinnimh ghlana a fhorbairt agus limistéir foraoise a mhéadú. Teastaíonn athruithe as cuimse i réimsí tábhachtacha ar nós an iompair, an fhuinnimh, na tionsclaíochta, na tithíochta, na bainistíochta dramhaíola agus na talmhaíochta.
Ciallaíonn dul in oiriúint don athrú aeráide, ullmhú dá thionchair agus ár sochaí a dhéanamh níos athléimní. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, acmhainní ganna uisce a úsáid níos éifeachtaí, cleachtais talmhaíochta agus foraoiseachta a oiriúnú, agus cinntiú go bhfuil foirgnimh agus bonneagar in ann coinníollacha aeráide agus teagmhais dianaimsire a bheidh ann amach anseo a sheasamh.
Is minic a bhraitear tionchair an athraithe aeráide go crua i limistéir agus i measc daonraí atá leochaileach cheana féin. Chun dul i ngleic leis an athrú aeráide is gá cabhrú leis na daoine is leochailí freisin agus dul chun cinn a dhéanamh maidir le dúshláin dhomhanda eile ar nós dul i ngleic leis an mbochtaineacht, an neamhionannas agus díghrádú an chomhshaoil. Tá eagraíochtaí idirnáisiúnta, an tsochaí shibhialta agus níos mó daoine óga ag brú gníomhaíocht dhomhanda chun cinn le dul i ngleic leis an athrú aeráide. Chuir an tAontas Eorpach an t-athrú aeráide ar bharr a chláir oibre pholaitiúil leis an gComhaontú Glas don Eoraip a d’eisigh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen i mí na Nollag 2019. Tá sé mar phríomhsprioc ag an gComhaontú Glas don Eoraip go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn le bheith neodrach ó thaobh aeráide de faoi 2050.