Skip to main content
© Jean-Frederic Fortier - Unsplash © Jean-Frederic Fortier - Unsplash

Cearta taistil: Bíodh an t-eolas agat sula n-imíonn tú!

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 07/09/2021

Tá go leor cúiseanna le taisteal agus taithí a fháil ar na rudaí iontacha ar fad atá le fáil san Eoraip. Chun an tairbhe is mó a bhaint as do chuid ama thar lear, cuir eolas ar do chuid ceart, ionas go mbeidh tú in ann taisteal gan imní!

Ar cuireadh moill ort nó ar cuireadh turas ar ceal ort? Ar cailleadh do bhagáiste cheana? An bhfuil tú neamhchinnte cad is ceart a dhéanamh nuair a théann cúrsaí chun donais le linn duit a bheith ag taisteal? Ná bíodh imní ort, tá gach rud atá uait le fáil ach cúpla clic a dhéanamh a bhuíochas don aip ‘Your Passenger Rights’!

Cearta Paisinéirí Iarnróid 

Go ginearálta bíonn do chearta mar phaisinéir iarnróid i bhfeidhm ar gach turas agus seirbhís iarnróid laistigh den Aontas Eorpach.

Is féidir le tíortha san Eoraip cinneadh a dhéanamh an bhfuil feidhm ag na cearta sin maidir le traenacha intíre freisin (uirbeach, fo-uirbeach, réigiúnach, etc.) agus traenacha idirnáisiúnta a thosaíonn nó a chríochnaíonn a dturas taobh amuigh den Aontas Eorpach.

Cad iad na cearta atá agam má chuirtear mo thuras traenach ar ceal nó má chuirtear moill air?

Má chuirtear do thuras traenach ar ceal nó má chuirtear moill air, tá sé de cheart agat i gcónaí eolas leordhóthanach a fháil faoin méid atá ar siúl fad atá tú ag fanacht.

Má deirtear leat go sroichfidh tú do cheann scríbe deiridh agus moill uair an chloig ar a laghad ort, tá tú i dteideal:

  • Do phleananna taistil a chur ar ceal agus aisíocaíocht láithreach a iarraidh ar chostas do thicéid (uaireanta aisíocaíocht iomlán, uaireanta díreach don chuid den turas nach ndearnadh.)
  • D’fhéadfá a bheith i dteideal freisin turas fillte chuig an bpointe ónar fhág tú ar dtús, má chuireann an mhoill bac ort cuspóir do thurais a bhaint amach, 
  • Iompar a fháil chuig do cheann scríbe deiridh a luaithe agus is féidir (nó ag dáta níos deireanaí is rogha leat). Áirítear air sin iompar malartach nuair a bhíonn an traein blocáilte agus go gcuirtear an tseirbhís ar fionraí.
  • Béilí agus sólaistí (a bheidh comhréireach leis an am feithimh)
  • Lóistín – más gá duit fanacht thar oíche.

Cearta Paisinéirí Aeir 

Baineann cearta paisinéirí aeir le haon chás a choisceann tú ar bhordáil – má diúltaíodh duit bordáil, má cuireadh d’eitilt ar ceal, má cuireadh moill uirthi nó má uasghrádaíodh nó íosghrádaíodh í – déileáiltear le gach cás ar bhonn cás ar chás agus céim ar chéim, maidir leis an gcúiteamh agus an cúnamh atá ar an leathanach faoi chearta paisinéirí aeir san Eoraip.

Má theastaíonn uait éileamh a chur isteach ar bhagáiste caillte nó damáistithe, ba cheart duit sin a dhéanamh i scríbhinn chuig an aerlíne laistigh de 7 lá, nó laistigh de 21 lá ó fuarthas do bhagáiste má bhí sé ar iarraidh. Níl aon fhoirm chaighdeánach ar fud an Aontais.

Cearta Paisinéirí Loinge

Baineann cearta paisinéirí loinge le moill agus cealuithe a choisceann tú ar bhordáil, agus tá feidhm acu má tá calafort san Aontas Eorpach á fhágáil agat le hiompróir ar bith, nó má tá tú ag teacht isteach i gcalafort san Aontas le hiompróir ar bith.

Níl feidhm ag na rialacha seo maidir le:

  • longa a iompraíonn níos lú ná 13 phaisinéir
  • longa nach bhfuil níos mó ná triúr comhaltaí criú orthu
  • longa a chlúdaíonn fad achair níos lú ná 500 méadar, treo amháin
  • formhór na long stairiúil
  • longa turais agus fámaireachta – mura bhfuil áiseanna lóistín orthu nó murar faide an fanacht thar oíche ná dhá oíche ar bord.

Cearta Paisinéirí Bus 

Tá feidhm go hiondúil ag do chearta mar phaisinéir bus maidir le seirbhís bus agus cóiste rialta fada (níos mó ná 250 km) a thosaíonn nó a chríochnaíonn i dtír Eorpach. Tá feidhm ag roinnt de na cearta sin maidir le gach seirbhís rialta chomh maith.

Is féidir le tíortha Eorpacha cinneadh a dhéanamh díolúine a thabhairt do sheirbhísí rialta intíre agus seirbhísí ina bhfuil cuid mhór den bhealach – lena n-áirítear stad sceidealaithe – taobh amuigh den Aontas Eorpach.

Cad iad na cearta atá agam má chuirtear mo thuras bus ar ceal nó má chuirtear moill air?

Má chuirtear an tseirbhís ar ceal nó má chuirtear moill uirthi, tá sé de cheart agat i gcónaí eolas leordhóthanach agus tráthúil a fháil faoin méid atá ar siúl fad atá tú ag fanacht.

Má chuirtear ar ceal an tseirbhís fhada (níos mó ná 250 km) atá curtha in áirithe agat nó má chuirtear moill níos mó ná 2 uair an chloig uirthi, tabharfar rogha duit:

  • Féadfaidh tú aisíocaíocht a fháil ar do thicéad agus i gcás inar gá turas saor in aisce ar ais chuig túsphointe na seirbhíse – mar shampla má choisceann an mhoill nó an cealú thú ar chuspóir do thurais a chomhlíonadh
  • Nó is féidir leat iompar a fháil, faoi choinníollacha comhchosúla, chuig do cheann scríbe deiridh a luaithe agus is féidir, gan aon chostas breise.

Má bhí do thuras fada (níos mó ná 250 km) le bheith níos faide ná 3 uair an chloig agus má chuirtear moill níos mó ná 90 nóiméad air nó má chuirtear ar ceal é, tá tú i dteideal freisin:

  • béilí agus sólaistí – a bheidh comhréireach leis an am feithimh
  • lóistín – más gá duit fanacht thar oíche (Níl aon dualgas ar iompróirí lóistín a chlúdach má tharla an mhoill mar gheall ar dhrochaimsir nó tubaistí nádúrtha.)

An bhfuil imní ort nár urramaíodh do chearta? 

Má cheapann tú nár urramaíodh do chearta, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an gcuideachta iompair a ndearna tú áirithint léi. Caithfidh siad freagra a thabhairt laistigh de mhí amháin.

Mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht forfheidhmithe náisiúnta i do thír.