
Cad é Idirphlé Óige an Aontais?
An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 23/09/2022
Is é atá in Idirphlé Óige an Aontais uirlis don idirphlé idir daoine óga agus lucht déanta cinntí a eagraítear faoi chreat Straitéis an Aontais i leith na hÓige.
Cén fáth Idirphlé Óige an Aontais?
Is bealach é le cinntiú go gcuirtear tuairimí, dearcthaí agus riachtanais daoine óga agus eagraíochtaí óige san áireamh nuair a bhíonn beartais óige an Aontais á leagan síos.
Leis an idirphlé tugtar tacaíocht chun Straitéis an Aontais i leith na hÓige 2019-2027 a chur i bhfeidhm, straitéis a dhíríonn ar thrí phríomhréimse, is iad sin ‘ceangal, rannpháirteachas agus cumhachtú’, agus a spreagann comhar idir tíortha an Aontais maidir le gach saincheist a bhaineann le daoine óga.
Conas a oibríonn sé?
Is i dtimthriallta 18 mí a bhíonn an t-idirphlé le lucht déanta beartas, agus na gníomhaíochtaí eile den idirphlé, ar siúl. Díríonn gach timthriall ar théama éagsúil, a roghnaíonn Comhairle na nAirí Óige.
Is é an ceann atá ann faoi láthair (ó thús 2022 go lár 2023) ‘An Eoraip Inbhuanaithe Ghlas’.
Dá bhrí sin, tá ceangal díreach idir an tosaíocht théamach agus Sprioc 3 don Óige: Sochaithe Ionchuimsitheacha, agus sprioc 10, An Eoraip Inbhuanaithe Ghlas.
Tá sé beartaithe go mbeidh baint ag an Idirphlé Óige le gach duine óg, iad siúd nach bhfuil an oiread sin deiseanna acu agus nach bhfuil rannpháirteach nó gníomhach sa tsochaí faoi láthair san áireamh. Is meithleacha náisiúnta a eagraíonn an próiseas i ngach Ballstát. Bíonn na meithleacha sin freagrach as comhairliúcháin agus gníomhaíochtaí a dhéanamh ina dtír féin le daoine óga, eagraíochtaí óige agus lucht déanta beartas.
Is ag an bhfoireann trí Uachtaránacht atá an príomhról maidir le cur chun feidhme Idirphlé Óige an Aontais a stiúradh, agus déanann sí sin i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach, leis na Gníomhaíochtaí Náisiúnta, le Fóram Eorpach na nÓg agus le hionadaithe eile ón tsochaí shibhialta in earnáil na hóige, laistigh de ghrúpa comhordaithe.
Cén toradh a bhíonn air?
Nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí náisiúnta agus Eorpacha críochnaithe, cuirtear na torthaí i dtoll a chéile, déantar anailís orthu agus déantar plé breise orthu ag Comhdhálacha Óige an Aontais. Ag na comhdhálacha sin bíonn deis ag ionadaithe óige agus lucht déanta beartas oibriú le chéile agus teachtaireacht chomhpháirteach a chur faoi bhráid an Aontais. Bíonn siad ar siúl faoi dhó sa bhliain agus á n-óstáil ag an tír ag a bhfuil Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh.
Na conclúidí a thagann as gníomhaíochtaí Idirphlé Óige an Aontais, cuirfear iad i láthair Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina dhiaidh sin, féadfaidh sé go nglacfaidh an Chomhairle doiciméad beartais ina bhfuil tuairimí daoine óga. Mar shampla, de bharr an timthrialla deiridh in 2018, leagadh síos 11 Sprioc don Óige, spriocanna a cuireadh le Straitéis an Aontais i leith na hÓige, tar éis próiseas polaitiúil agus caibidlíochta i gComhairle an Aontais Eorpaigh:
- An tAontas a nascadh leis an Óige
- Comhionannas do na hInscní ar Fad
- Sochaithe Ionchuimsitheacha
- Faisnéis agus Comhphlé Tairbhiúil
- Meabhairshláinte agus Folláine
- Aos Óg na Tuaithe a Thabhairt Chun Cinn
- Fostaíocht ar Ardchaighdeán do Chách
- Foghlaim ar Ardchaighdeán
- Spás agus Rannpháirtíocht do Chách
- An Eoraip Inbhuanaithe Ghlas
- Eagraíochtaí Óige agus Cláir Eorpacha
Cuidíonn Straitéis an Aontais i leith na hÓige leis an bhfís atá ag daoine óga a fhíorú trí leas a bhaint as na hionstraimí beartais ar leibhéal an Aontais agus trí ghníomhartha páirtithe leasmhara a spreagadh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.