Skip to main content
Submitted by Stefanos AGATH… on
Draw lines
No
Color
#00008b
Cities/Points
Name
Paphos
Country
an Chipir
Population
36000
Why visit?

Is cathair idéalach suite feadh chósta thiar na Cipire í Paphos. Ba í Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2017 í agus tá a cuid staire le feiceáil go soiléir inti. Tugadh aitheantas d’fhothracha ailtireachta ársa Pháirc Seandálaíochta Paphos mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO.
Agus tú in Paphos, ní mór cuairt a thabhairt ar taverna, bialann thraidisiúnta de chuid na Cipire. Agus tú ag éisteacht le ceol sean-bhunaithe na Cipire, beidh tú in ann triail a bhaint as greimíní beaga gan teorainn ar a dtugtar meze. Áirítear orthu sin sólaistí cosúil le harán na Cipire in éineacht le feta, halloumi agus tzatziki. Chun deireadh a chur le do bhéile, bain triail as an mias cháiliúil loukoumia; milseáin thipiciúla na Cipire a bhfuil stádas an Aontais Eorpaigh um Thásc Geografach Faoi Chosaint (TGFC) acu, rud a chiallaíonn go bhfuil loukoumia barántúil uathúil do chultúr na Cipire.
 

Image
Fothrach ársa in Paphos
Coordinates
34.7727163,32.415501
Tags with icon
European Capital of Culture
UNESCO World Heritage List
Plenty of Nature
Name
Vaileite
Country
Málta
Population
255300
Why visit?

Is músaem dlúth faoin aer í Vaileite, príomhchathair Mhálta, áit a bhfuil 320 séadchomhartha le fáil feadh a lánaí cúnga agus a gairdíní rúnda. Is Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO agus Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2018 í, a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar a daingnithe drámatúla agus a páláis Bharócacha.
Is meascán mearaí gastranómachais é bia Mhálta i ngeall ar an meascán náisiúnach atá ina gcónaí ar an oileán. Tá tionchar láidir na hIodáile measctha le gnéithe cócaireachta na Spáinne, na Fraince, Provençal agus na Breataine, rud a fhágann go bhfuil gné eicléictiúil ag baint léi. Bain triail as roinnt hobz biz-zejt (arán Mhálta le tuinnín agus taos trátaí) ó dhíoltóir sráide nó téigh chuig seastán milseogra chun roinnt imqaret a bhlaiseadh; is taosráin friochta iad líonta le taos dáta blasta.
 

Image
Cathair Vaileite
Coordinates
35.8984892,14.5087876
Tags with icon
European Capital of Culture
UNESCO World Heritage List
Historic Architecture
Walkable City
Name
Réicivíc
Country
an Íoslainn
Population
130000
Why visit?

Is í Réicivíc an phríomhchathair is faide ó thuaidh ar domhan, agus is beag nach bhfuil le fáil inti, idir saol cultúrtha bríomhar, fuílleach iontas nádúrtha, agus bia áitiúil iontach. Is saintréithe de bhia na hÍoslainne iad comhábhair úra agus miasa uathúla. Is bia é a dhíríonn ar chomhábhair shéasúracha áitiúla ar ardchaighdeán. Is féidir an gliomach Ioruach, an trosc agus an chadóg is úire a bhlaiseadh i Réicivíc, mar aon le sólaistí áitiúla amhail mias náisiúnta na hÍoslainne, harkarl, nó siorc coipthe. Cuairt a thabhairt ar cheann de na foinsí geoiteirmeacha iomadúla, sin é an bealach is fearr chun do scíth a ligean agus tú san Íoslainn.

Image
Foinse the san Íoslainn
Coordinates
64.1335484,-21.9224813
Tags with icon
European Capital of Culture
Exciting Culinary Options
Plenty of Nature
Name
Corcaigh
Country
Éire
Population
210000
Why visit?

An cháil atá ar Chorcaigh mar phríomhchathair bia na hÉireann, tá sé tuillte go maith aige, toisc an meascán de tháirgí áitiúla ar ardchaighdeán agus an barrachas de chócairí cruthaitheacha paiseanta atá le fáil ann. Is áit den scoth é Margadh Shasana chun na sólaistí is fearr i gCorcaigh a bhlaiseadh. Is margadh bia íocónach Éireannach é a théann siar breis agus 200 bliain sa stair. Tá an margadh suite i bhfoirgneamh Victeoiriach a bhfuil duaiseanna bainte amach aige, agus tá gach rud le fáil ann, idir seastáin le bia úr agus na bialanna is fearr i gCorcaigh. Agus tú ar cuairt ann, bain triail as cás chéadair bharantúil na hÉireann nó beagán mairteoil spíosraithe, mias a itear go traidisiúnta um Nollaig nó don Athbhliain.
Nuair atá dóthain ite agat... Téigh ar shiúlóid trí Pháirc shíochánta Mhic Gearailt, nó tabhair cuairt ar Phlás Nano de Nógla a bhuaigh Duais Mhúsaeim 2022 ó Chomhairle na hEorpa.
 

Image
Pictiúr de Chorcaigh
Coordinates
51.8960528,-8.4980693
Tags with icon
European Capital of Culture
Rich in Music
Notable Museums