Skip to main content
© European Union, 2020 © European Union, 2020

An óige ag éileamh gnímh ar son na haeráide ar fud na hEorpa

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 28/09/2021

<p>Bhí na deich mbliana seo caite ar na deich mbliana ba theo riamh agus tá na mílte daoine óga ag iarraidh go ndéanfaí beart práinneach ar son na haeráide ar fud an domhain mhóir.</p>

Iarrann an ghluaiseacht dhomhanda seo ar mhic léinn gan freastal ar ranganna ar aon Aoine faoin mana #FridaysForFuture (#AnAoineDonTodhchaí) ar fud na cruinne. Cuireadh tús leis nuair a thosaigh Greta Thunberg ag agóidíocht ar son gníomhaíocht níos láidre i gcoinne an athraithe aeráide nuair a bhí sí 15 bliana d’aois. Thosaigh sí an agóid os comhair Pharlaimint na Sualainne i mí Lúnasa 2018. Diaidh ar ndiaidh, scaip an ghluaiseacht sin ar fud an domhain mhóir. Ó shin, tá clú bainte amach ag Greta ar fud na cruinne, ainmníodh í do Dhuais Nobel na Síochána in 2019 agus in 2020 agus d’ainmnigh an iris Time í mar phearsa na bliana in 2019.

I measc neart rudaí eile, tá lucht na hagóide ag iarraidh ar cheannairí domhanda ómós a léiriú do Chomhaontú Pháras, an chéad chomhaontú aeráide domhanda uilíoch riamh atá ceangailteach ó thaobh dlí de, agus a shínigh 195 thír in 2015. Is é príomhchuspóir an chomhaontaithe teorainn a chur leis an méadú ar theocht an domhain go dtí 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch roimh dheireadh an chéid, agus iarrachtaí a dhéanamh é a laghdú tuilleadh go dtí 1.5°C.

Léirsiú na hóige ar son na haeráide sa Bhruiséil, agus Greta Thunberg i láthair (an Bhruiséil, 21/02/2019)

Éilimh na hóige 

Tá daoine óga ar fud na cruinne ag breathnú ar ghéarchéimeanna comhshaoil ag teacht chun cinn, ceann i ndiaidh a chéile, agus le formhór na n-agóidí luaitear éilimh dhomhanda agus áitiúla araon. Tá olc ar an lucht gníomhaithe comhshaoil óg nach bhfuil go leor athruithe ag tarlú agus tá eolaithe ag tabhairt foláireamh arís agus arís eile go bhfuilimid anois beagnach ag an bpointe nach mbeidh aon dul siar as ó thaobh na haeráide de. 

“Cén fáth a mbeinnse i mbun staidéir le haghaidh todhchaí nach mbeidh ann go luath, b'fhéidir, as siocair nach bhfuil aon duine ag déanamh aon rud chun an todhchaí sin a thabhairt slán? Agus cén mhaith a bheith ag foghlaim fíoras nuair is léir nach fiú lenár sochaí go leor de na fíorais thábhachtacha.” - Greta Thunberg

I suirbhé a rinneadh le gairid, luaigh daoine óga gur cheart don Aontas Eorpach tús áite a thabhairt do chosaint an chomhshaoil agus deireadh a chur leis an athrú aeráide (Eorabharaiméadar 478). Ar fud an Aontais Eorpaigh, tá imní mhór ar na saoránaigh faoin athrú aeráide agus tacaíonn siad le gníomh chun dul i ngleic leis (Eorabharaiméadar ar an athrú aeráide).

Cad atá ag teastáil ó na daoine óga? Tá go leor daoine óga atá gníomhach sa ghluaiseacht aeráide ag iarraidh go ndéanfaí athruithe radacacha chun dul i ngleic le géarchéim na haeráide, cuir i gcás trí dhlús a chur le gníomhartha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, deireadh a chur le hinfheistíochtaí i mbreoslaí iontaise, an bhithéagsúlacht a chosaint agus éiceachórais a athneartú.

Léiríonn na hagóidí sin go soiléir go bhfuil ról tábhachtach ag gníomhaíochas na hóige san Eoraip agus níos faide ó bhaile. Tá daoine óga i mbun an athraithe ina bpobail féin agus tá siad ag iarraidh ar dhaoine fásta glacadh lena gcuid freagrachtaí chun a dtodhchaí a thabhairt slán.

Cén chaoi ar féidir leis an Aontas Eorpach tacaíocht a thabhairt do ghníomhaithe óga?

Tá gníomh ar son na haeráide i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip – pacáiste uaillmhianach beart ina gcuimsítear iarrachtaí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghearradh, infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i nuálaíocht cheannródaíoch, agus comhshaol nádúrtha na hEorpa a chaomhnú, i measc gníomhartha eile. 

Bíonn an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit páirteach in iarrachtaí idirnáisiúnta chun troid i gcoinne an athraithe aeráide faoi choinbhinsiún aeráide na Náisiún Aontaithe. 

Mar aon leis an ngníomh polaitiúil sin, tugann an tAontas Eorpach deiseanna maoinithe éagsúla do dhaoine óga agus d’eagraíochtaí óige. Cé go gcuimsítear níos mó ná an t-athrú aeráide amháin sna cláir sin, is féidir tionscadail a reáchtáil faoin téama seo:

  • An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach: tionscnamh atá bunaithe ar obair dheonach agus a thugann deis do dhaoine óga cuidiú go praiticiúil i réimsí éagsúla lena n-áirítear cosaint an chomhshaoil. Tá daoine óga idir 17 agus 30 bliain d’aois in ann a bheith páirteach sa scéim.
  • Malairtí óige Erasmus+: malairtí a thugann deis do ghrúpaí daoine óga idir 13 agus 30 bliain d’aois as tíortha difriúla bualadh le chéile, cónaí le chéile agus oibriú ar thionscadail chomhroinnte ar feadh tréimhsí gearra (5–21 lá).
  • Erasmus d’fhiontraithe óga: clár malartaithe trasteorann a thugann deis d’fhiontraithe nua nó do dhaoine atá i dtús fiontraíochta foghlaim ó fhiontraithe a bhfuil taithí acu agus atá ag reáchtáil gnóthais bheaga i dtír rannpháirteach eile.

Tá sásraí i bhfeidhm ag institiúidí an Aontais Eorpaigh chun plé a dhéanamh le daoine óga, cuir i gcás Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, idirphlé na saoránach agus tionscnaimh eile.