Agus é suite ar oileán sa Mhuir Iónach, agus radhairc ghalánta thart air, bíonn Corfú geal grianmhar 300 lá in aghaidh na bliana agus cultúr bia thar an ngnáth ann. Téann traidisiúin chócaireachta na Gréige i bhfad siar na mílte bliain agus meastar go bhfuil aiste bhia na Meánmhara ar cheann de na haistí bia is folláine ar domhan, aiste bhia atá bunaithe ar thorthaí, glasraí, lánghráin agus saillte sláintiúla. Agus tú i gCorfú, ceannaigh táirgí bia úra (bia mara, glasraí, táirgí áitiúla agus luibheanna) ó mhargadh Chorfú atá gar do Chaisleán na Veinéise, blais na béilí áitiúla amhail bourdeto (iasc a bhfuil piobair dhearga, oinniúin, sillí agus líomóid air) agus ith na táirgí bia a tháirgtear sa cheantar amhail mil, ola olóige agus cumcuataí. Bronnadh lipéad STFC (ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint) ar an dá tháirge dheireanacha.
Is tábhachtach an calafort Brindisi le fada an lá atá ina áit sosa seolta do thrádálaithe a bhíonn ag taisteal tríd an Meánmhuir, agus dóibh siúd chomh maith a thagann ó thíortha i bhfad i gcéin. A bhuí leis sin, chuaigh na bianna a tugadh isteach as gach cearn go mór i bhfeidhm ar an mbia so-bhlasta in Brindisi. Agus tú ansin, blais ológ ola Collini di Brindisi ar tugadh ATFC (ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint) di, ola a mheastar a théann ar sochar don tsláinte ar bhealaí éagsúla, agus táirgtear í sa réigiún, agus blais na glasraí úra áitiúla i miasa ar nós ciambotto (stobhach glasraí). Cuireann pobal Brindisi agus an réigiún ar fad tábhacht chomh mór sin leis an mbia agus leis an gcócaireacht go bhfuil clú is cáil orthu as a bhféilte bia, ar nós na féile colgáin agus na féile ochtapais.
Tá Bologna suite in Emilia-Romagna agus is as sin a thagann cuid mhór de na bianna is iomráití san Iodáil, ina measc, an cháis Parmigiano Reggiano, an liamhás Prosciutto di Parma, an fínéagar Aceto Balsamico di Modena , tagliatelle agus tortellini. Ina theannta sin, bhí Pellegrino Artusi ina chónaí in Emilia-Romagna, sin scríbhneoir a scríobh saothar an-tábhachtach i ndomhan chócaireacht na hIodáile Science in the Kitchen and the Art of Eating Well [Eolaíocht sa Chistin agus Ealaín an Bhia Fholláin] (1891). Agus chomh tugtha agus atá Bologna do bhia maith, tá rogha agus togha le fáil ina mhargaí, áit ar féidir táirgí bia úra áitiúla a thabhairt leat. Déan seal spaisteoireachta thart ar an gcathair ghleoite atá lán le heachtraí stairiúla agus tabharfaidh sin goile duit le haghaidh lóin.
Tá Nice ar an Meánmhuir i suíomh as cuimse álainn i ndeisceart na Fraince. I ngeall air sin, is féidir le cuairteoirí blaiseadh a fháil ar raon leathan bianna atá liostaithe in Aiste Bhia na Meánmhara (ar chlár Oidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe UNESCO), ina measc sin, an ‘salade Niçoise’ a ainmníodh as Nice féin – meascán folláin de dhuilleoga sailéid, trátaí, ológa, uibheacha cruabhruite, tuinnín agus ainseabhaithe agus, chomh maith leis sin, ratatúí (ratatouille), ar stobhach glasraí samhraidh é. Tugadh ATFC (ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint) don ola a dhéantar as ológa ó Nice agus do na hológa féin agus is cuid thábhachtach d’aiste bhia iomráiteach na Meánmhara í an ola olóige. Tá go leor margaí in Nice a dhíolann glasraí úra, torthaí úra agus táirgí bia áitiúla, agus beidh tú in ann teacht ar na comhábhair gan stró agus béile a réiteach duit féin. Nó bain taitneamh as an mbia bríomhar sráide agus greim gasta a ithe ar nós, socca, is é sin pancóg chrústach a dhéantar as sicphiseánaigh.
Agus Tarragona ar an gcósta, bainfidh tú sult as bia mara ón gcalafort iascaireachta traidisiúnta is mó sa Chatalóin. Gheobhaidh tú béile maith le hithe in el Serrallo, ceantar aoibhinn na n-iascairí. Nuair a bheidh tú in Tarragona, ná failligh ar an deis bia speisialta na Catalóine a bhlaiseadh ar nós escalivada, sailéad ubhthorthaí, píobairí, oinniúin, prátaí agus bliosáin nó calçots (cineál scailliúin fhada) atá go léir rósta agus anlann romesco tríd. Tóg braoinín den ola olóige áitiúil, Siurana, ola ar tugadh ATFC (ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint) di agus nach ndéantar ach i gcúige Tarragona. Tar éis lón a ithe ar do sháimhín só, is fiú sobremesa a ithe. Go litriúil, ciallaíonn sé ‘thar an mbord’ agus tagraíonn sé don am a chaitear ag comhrá i gcuideachta a chéile i ndiaidh an bhéile. Tuigfidh tú gan dua cé chomh tábhachtach agus atá an ceangal sóisialta láidir atá le fáil sa tír don saol fada. Má bhíonn tú in Tarragona i mí na Bealtaine, is féidir cuairt a thabhairt ar fhéile bia Tàrraco a Taula agus miasa a bhlaiseadh a dhéantar de réir oidis ársa Rómhánacha.
Aithnítear go bhfuil an tSairdín ar cheann de ‘Chriosanna Gorma’ an domhain (tá clú ar an limistéar go mbíonn saol fada ag an bpobal ann) a bhuí le nósanna an phobail - siúlóidí a dhéanamh go mion minic, bia folláin a ithe agus tús áite a thabhairt don teaghlach. Gheobhaidh tú léargas ar a stíl mhaireachtála nuair a thabharfaidh tú cuairt ar Sassari agus ba chóir duit bia Sairdíneach a bhlaiseadh ar nós pane crasau (arán leathan crústúil), pompia (toradh citris de chuid na háite) nó pecorino, cáis caorach de chuid na Sairdíne ar tugadh aitheantas ATFC (ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint) di. Nuair a rachaidh tú ar cuairt ann, caith beagán ama agus cuir eolas ar an gcultúr Núireagach, daonra rúndiamhair a bhain fúthu sa tSairdín 3000 bliain ó shin.