Skip to main content

Má éiríonn le d’iarratas, gheobhaidh tú rochtain ar Ionad Cabhrach ar líne leis na gnéithe lóistíochta taistil uile agus conas teagmháil a dhéanamh leis an gconraitheoir.

I gcás ina mbeidh eolas, tacaíocht nó comhairle ag teastáil uait le linn do thurais, tá roinnt pointí teagmhála lenar féidir leat teagmháil a dhéanamh:

Má bhíonn fadhbanna agat

  • Glaoigh ar 112 chun teacht ar na seirbhísí éigeandála in aon tír san Aontas, ó aon ghuthán, líne thalún nó fón póca. Tá an glao sin saor in aisce.
  • Má chailltear nó má ghoidtear rud éigin, caithfidh tú tuairisc a dhéanamh leis na póilíní áitiúla. Beidh ort tuairisc na bpóilíní a chur faoi iamh nuair a dhéanann tú éileamh árachais nó cúitimh.
  • Cuir aon chárta dochair nó creidmheasa a chailltear nó a ghoidtear ar ceal láithreach.
  • Má goideadh do phas agus/nó do chárta aitheantais, déan é sin a thuairisciú do chonsalacht nó ambasáid do thíre agus do na póilíní.

Bí i dteagmháil leis an Aontas Eorpach

  • Go pearsanta, ar an bhfón nó trí ríomhphost: oibríonn an tAontas i gcomhar leis na Gníomhaireachtaí Náisiúnta chun go mbeidh na rannpháirtithe chomh gníomhach agus is féidir sa chlár Erasmus+. Tá na Gníomhaireachtaí Náisiúnta lonnaithe i dtíortha atá rannpháirteach sa Chlár Erasmus+. Cuireann siad le DiscoverEU go háirithe trí imeachtaí réamhimeachta a eagrú agus trí chruinnithe teacht le chéile a eagrú le rannpháirtithe a bhíonn ag taisteal sa tír. Féach liosta de na Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus a sonraí teagmhála.
  • Má bhíonn aon saincheisteanna nó ceisteanna sonracha eile ag rannpháirtithe ní mór dóibh teagmháil a dhéanamh leis an gconraitheoir.
  • Ar an bhfón nó trí ríomhphost: is seirbhís eolais don óige é Eurodesk a fhreagraíonn do cheisteanna faoi dheiseanna san Eoraip (e.g. cláir Eorpacha chun obair dheonach, staidéar nó intéirneacht a dhéanamh i dtír eile). Tabhair do d’aire nach mbeidh Eurodesk in ann cabhrú leat i gcás ceisteanna teicniúla a bhaineann leis an turas DiscoverEU. Tabharfaidh an conraitheoir aghaidh ar na ceisteanna teicniúla sin nuair a dhéanfaidh sé teagmháil leat (má éiríonn le d’iarratas). Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an bpointe eolais Eurodesk is gaire duit tríd an léarscáil idirghníomhach.
  • Ar Líne: Tá eolas i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar fáil ar shuíomh gréasáin Europa.
  • Go pearsanta: Tá na céadta lárionad áitiúil faisnéise faoin Aontas Eorpach ar fud na hEorpa. Is féidir teacht ar sheoladh an lárionaid is cóngaraí duit.
  • Ar an bhfón nó trí ríomhphost: Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís sin trí shaorghlao: 00 800 67 89 10 11 (ní thugann roinnt oibreoirí seirbhísí fóin phóca rochtain ar uimhreacha 00800 nó féadfaidh siad costas a ghearradh ar na glaonna sin) nó trí ríomhphost.
  • Foilseacháin faoin Eoraip: Níl foilseacháin maidir leis an Aontas Eorpach ach clic amháin uait ar Fhoilseacháin an Aontais Eorpaigh.
  • Ionadaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh: Is iad na hoifigí ionadaíochta a labhraíonn thar ceann an Choimisiúin ina dtír óstach agus déanann siad faireachán ar thuairimí an phobail. Cuireann siad eolas ar fáil faoin Aontas Eorpach trí imeachtaí agus trí bhróisiúir, bileoga eolais agus ábhair eile a dháileadh.
  • Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa: Is é an ról atá acu feasacht a mhúscailt ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an Aontas Eorpach agus daoine a spreagadh chun vótáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa.
D. POINTÍ TEAGMHÁLA ÁBHARTHA
Weight
2